notícias musicais

top 13 artistas

top 13 musicas

Confira a Letra Tráthnóna Beag Aréir

Clannad

Tráthnóna Beag Aréir

Thíos I lár an ghleanna
Tráthnóna beag aréir
Agus an drúcht 'na dheora geala
Ina luí ar bharr an fhéir
'S ea casadh domhsa an ainnir
Ab áille gnúis is pearsa
'S í sheol mo stuaim chun seachráin
Tráthnóna beag aréir

Agus a rí, nár lách ár n-ealaín
'Gabháil síos an gleann aréir
Ag éalú fríd an chanach
Agus ciúineas ins an spéir
A rún mo chléibh nár mhilis
Ár súgradh croí 's nár ghairid
Ó 's a rí na glóire gile
Tabhair ar ais an oíche aréir

Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh
Agus labhairt le stór mo chléibh
Nó dá bhrfaighinnse buaidh ar chinniúint
Cér mhiste liom fán tsaol?
Shiúlfainn leat fríd chanach
Is fríd mhéilte ar chiumhais na mara
Agus dúiche dé dá gcaillfinn
Go bpógfainnse do bhéal

Agus a rí, nár lách ár n-ealaín
'Gabháil síos an gleann aréir
Ag éalú fríd an chanach
Agus ciúineas ins an spéir
A rún mo chléibh nár mhilis
Ár súgradh croí 's nár ghairid
Ó 's a rí na glóire gile
Tabhair ar ais an oíche aréir

Discografia Tracker