notícias musicais

top 13 artistas

top 13 musicas

Confira a Letra Seán Bháin

Dervish

Seán Bháin

Curfá:
A Sheáin Bháin, beir orm
'S a Sheáin Bháin, bréag mé
A Sheáin Bháin, beir orm
Is tabhair sa gcoca féir mé

Nach deas a d'fhás an coiricín
Nach deas d'fhás an círín
Nach deas a d'fhás an coiricín
Ar Chaitlín Ní Ghríofa

(Curfá)

Shúil mise Sasana
An Fhrainc uilig trí chéile
Is ní fhaca mé aon siobaire
Ba dheise ná do chírín

(Curfá)

Nach deas an baile an baile seo
Nach deas an baile é Maoras
Nach deas an baile chuile baile
Ach Claidhneach glas na bhfaochain

(Curfá)

A Mháire, má tá tú ag scarúint uaim
Mo mhíle slán go deo leat
Nach deas mar chuirfinn fataí dhuit
Níos fearr ná bhainfinn móin dhuit

Nach olc an t-am a d'imigh tú
'S an fómhar ann go díreach
Is gan éinne ar an mbaile seo
Ná bean óg le thú chaoineadh

(Curfá) (Chorus)

Is cuma liom cá rachaidh tú
Is cuma liom cá mbíonn tú
Is cuma liom cá rachaidh tú
Ach thú beith ann san oíche

(Curfá)
A Sheáin Bháin, beir orm
'S a Sheáin Bháin, bréag mé
A Sheáin Bháin, beir orm
Nár phóg tú aréir mé

Discografia Tracker