notícias musicais

top 13 artistas

top 13 musicas

Confira a Letra Aililiú Na Gamhna

Solas

Aililiú Na Gamhna

Is iníon d'aoire mé
Féinig gan amhras
Do bhíodh ina cónaí
Cois taobh na leamhna
Bhí bothán agam féin ann
Is fuinneog I gceann de
Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam
'Sea ghlaofainn ar na gamhna

Aililiú na gamhna
Na gamhna bána
Aililiú na gamhna
Na gamhna b'iad a b'fhearr liom
Aililiú na gamhna
Na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh
Ag damhsa ar na bánta

Faightear dom cana
Is faightear dom bhuarach
Is faightear dom soitheach
Ina gcuirfead mo chuid uachtair
Ceolta sí na cruinne bheith
Á síorchur I m'chluasa
Ba bhinne liomsa géimneach na mbó
Ag teacht chun buaile

Rachaimid ar an aonach
Is ceannóimid gamhna
Is cuirfimid ar féar iad
Amach ins na gleannta
Íosfaidh siad an féar
Is barr an aitinn ghallda
Is tiocfaidh siad abhaile chun
An bhainne I gcóir an tsamhraidh

Tracker